Jump to content

Page:The Gael Vol XXII January to December 1903.djvu/73

From Wikisource
This page has been proofread, but needs to be validated.

TÍR NA N-ÓG—AISLING.

Tír na n-Og—A Vision.

By Margaret O'Keefe, Kingwillamstown, Cork.

SAN t-sean aimsir ḃí baintreaḃaċ ḃoċt ’na cóṁnaiḋe i d-tígín deas i ngiorraċt do loċannaiḃ Cill-Airne, ⁊ ḃí ingean aici go raiḃ Bríġid mar ainm uirṫi. Oiḋċe Nodlag áiriġṫe, agus a maṫair ’na codlaḋ, ḃí Bríġid ’na h-aonar le h-ais na teine, agus í ag féaċaint ar ċoinneall na Nodlag a ḃí ar lasaḋ ar an ḟuinneóig. Ḃí san go maiṫ go d-tí, i g-ceann sgaṫaiṁ gur imṫiġ an coinneall os cóṁair a súl, ⁊ in a h-ionad, is é an rud a ḃí ann, ’na spideóigín. Ḃain se an-ṗreab as an g-cailín níḋ nár’ b’iongnaḋ: aċt sul a raiḃ uainn aici aon niḋ a ḋéanaṁ, ḃí an spideóg imṫiġṫe tré gloinne na fuinneóige. Leis sin, ṫáiniġ an-ċraiste do Ḃríġid agus do riṫ sí an doras amaċ agus i n-diaiġ na spideóige, a ḃí ag déanaṁ faoi ḋéin lóċa léin i lár a diċill. Do riṫ Bríġid i n-anaiṫe an t-saoṫair go d-táinig sí go bruaċ na lóċa. Agus is é an rud a ṫuit amaċ ná déan an spideóg iasg dí féin agus rúd isteaċ ’san uisge an t-iasg agus Briġid leis. Síos leó tríd an uisge go d-tí, i n-deireaḋ baire, gur ḃuaileadar ṫalaṁ agus do fuaradar iad féin ar oileán beag, glas, a ḃí faoi an loċ ḋruiḋeaċta. THE olden time a poor widow resided in a nice little house close to the Lakes of Killarney, and she had a daughter named Brigid. On a certain Christmas night when her mother was asleep, Brigid was alone by the fireside looking at the Christmas candle that was burning in the window. So far, so good, but in a short time the candle disappeared before her eyes and in its place appeared a robin. This startled the girl very much, and no wonder, but before she had time to move the robin had passed out through the glass of the window. At this the girl acquired great courage and she ran out the door after the robin that was going towards Loch Lein in full flight. Brigid ran with all her might until she arrived at the brink of the lake. And the result was that the robin transformed herself into a fish and plunged into the water, and Brigid followed. Down they went through the depths until at length they reached the bottom when they found themselves on a beautiful green island that was in the enchanted lake.
Ní túigse go raiḃ an talaṁ buailte ag an iasg ’ná ḋéan sé capall de féin agus sgiaṫáin ag an capall agus daṫ an t-sneaċtaiġ air, Síos leis ar a ḋá ġlúin ċum Briġide a ġaḃáil ar a ḋrom, Coṁ luaṫ agus ḃí sí ar a ḋrom as go bráṫ leó tríd an aer níos eaḋtroime ’ná an ġaoiṫ. Do rug an t-eaċ bán ar an ġaoiṫ a ḃí roimis, agus ní rug an ġaoiṫ a ḃí i n-a ḋiaiġ air, i d-treó ná raiḃ trí nómat imṫiġṫe ’nuair a ḃíodar trí milliún míle, geall leis ó’n oileán glas. No sooner had they alighted on land than the fish transformed itself into a winged snow-white steed. The horse stooped to his knees so that the girl could mount him without difficulty. With the girl on his back the horse proceeded through the air lighter than the zephyrs. The white horse overtook the wind that was in front of him and the wind that was after did not overtake him, and scarcely had they been three minutes on this journey when they were three million miles from the green island.
Baḋ ró ġeárr gur ḃuail an t-eaċ talaṁ arís, agus do fuair Bríġid í féin ar ṫír éigin go raiḃ solas ní baḋ ġile ’ná grian Meiṫiṁ an t-Saṁraḋ ag soillsiúġaḋ aníos uirṫi Ċonnarc sí spioraidíḋe gléigeala ag siúḃal dóiḃ féin tré coilltiḃ glasa, ⁊ tré gleanntaiḃ gealla go raiḃ sroṫanna ċoṁ glan le criostal ag riṫ tríoṫa agus bláṫa ar gaċ aon dáṫ ag fás ar bruaċ gaċ sroṫa. Ḃí sléiḃṫe áirde, gorma, le féicsint i ḃ-fad, agus cad a ċíḋfeaḋ Bríġid ar ḃárr ceann aca, act tíġ cóṁ mór leis an t-sliaḃ féin, ⁊ díon óir ⁊ falaiḋe airgid air. Ṫáinig iongnad a croiḋe uirṫi toisg breáġṫaċta agus mórḋaċta an tíġe agus baḋ ġairid gur ṫug sí aġaiḋ a capall ar na sléiḃṫiḃ, ⁊ fá ḋéan an tíġe, agus ḃaḋ ġáirid an ṁaill orṫa é ṡroisint. D’ḟág sí an t-eaċ las amuiġ de’n ġeata órḋa a ḃí ós cóṁair an tíġ. Aċt do stad sí i n-aice leis an doras, agus sgeón ínnti, mar ḃí an áit istiġ ní baḋ ġile ’ná an áit amuiġ féin, agus do ḃ’éigin dí a ḋá súil a ḋúnaḋ le neart an t-soillseaċt. Baḋ ġairid gur airiġ sí guṫ ḃinn os a cionn, agus leis sin ṫóg sí a súile in áirde agus ṫáinig criṫ láṁ ’s ċos uirṫi ’nuair a ċonnarc sí cad a ḃí ann. In a short time the horse stooped to land again and Brigid found herself in a world illumined by a light brighter than that of the mid-summer sun. She saw white spirits walking through green woods and bright glens through which were running streams as clear as crystal, and on the banks of the streams were growing flowers of every hue. In the distance could be seen high green mountains, and on the summit of one of those mountains Brigid beheld a house quite as large as the mountain itself; the roof was of gold and the walls of silver. She was very much astonished at the size and gradueur of the house, and she led her horse toward the mountains and in the direction of the house, and it did not take long to reach the desired place. She left the horse outside the gate that was opposite the house and she proceeded to walk in directly, but she paused in amazement near the entrance, for the interior of the house was even brighter than the outside, and she had to shut her eyes because of the dazzling brightness. In a short time she heard a musical voice above her and she lifted her eyes and trembled at the sight that met her gaze.
Ḃí rí agus bainríoġan ’ná suiḋe ar ḋá ċáṫair órḋa ar árdán agus do ṡaṁlaiġ Bríġid ná’r’ b’ḟéidir le aingeal ’s na flaiṫeas ḃeiṫ níos áilne ’ná an ḃainríoġan san. Ḃí a dá súil mar réaltaiḃ ⁊ gaċ dual gruaig ar ḋáṫ an óir ⁊ ag sroisint síos léi go d-tí A king and queen were seated on two golden thrones on a platform, and Brigid thought that it was not possible for the angels of heaven to be more beautiful than this queen.